Home | Skip Navigation | Site Map | Contact Us

Fáilte go NESDO

Bunófar an Oifig Náisiúnta d'Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach (NESDO) de réir théarmaí an Bhille um an Oifig Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach, atá ag dul tríd an Oireachtas faoi láthair.

Cuimseoidh an oifig nua An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach (NESC), An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach (NESF), agus an Ionad Náisiúnta Comhpháirtíochta agus Feidhmíochta (NCPP). Nuair a achtófar an Bille, feidhmeoidh an trí chomhchomhlacht mar chuid de NESDO, ar bhonn reachtúil.

Picture of An Taoiseach Mr. Bertie Ahern T.D.

Ról NESDO

Is é príomhról NESDO ná breisluach a chur leis an obair a dhéanann a chomhchomhlachtaí trí chomhthionscnaimh fhorbartha beartais a chur i bhfeidhm. Feidhmíonn an Oifig go háirithe trí:
•  cláir chomhlántacha taighde, anailíse agus díospóireachta an NESC, an NESF agus an NCPP a éascú agus a chur chun cinn;
•  chomhsheirbhísí riaracháin agus tacaíochta a sholáthar don trí chomhchomhlacht; agus
•  tuarascálacha, moltaí nó tátail chomhchomhlachta a sheoladh chuig an Rialtas agus iad a ullmhú chun a bhfoilsithe.

Cuardaigh nesdo.ie

Naisc Ghaolmhara